D'imigh an tArdoifigeach leis ar ais agus fuair sé rí na hAsaíre ag déanamh ionsaí ar Libneá, mar bhí cloiste aige go raibh sé tar éis Láicis a fhagáil.
Chaith Eadóm díobh cuing Iúdá ar an gcuma sin agus tá siad saor go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc in aghaidh a cheannais an t‑am céanna mar gur thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear.
Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois an t‑am a tháinig sé i gcoróin, agus rialaigh sé aon bhliain déag in Iarúsailéim. Ba é ainm a mháthar Hamútal, iníon Irimia, ó Libneá.
Thugadar do chlann Árón, an sagart, Heabrón, cathair thearmainn do mharfóirí, agus an talamh féaraigh ina thimpeall; thugadar freisin Libneá lena thalamh féaraigh,