Íseáia 37:4An Bíobla Naofa 1981Éisteadh an Tiarna do Dhia le focail an Ardoifigigh a chuir rí na hAsaíre uaidh chun an Dia beo a mhaslú, agus baineadh sé éiric amach sna focail a chuala sé! Cuir suas paidir ar son an fhuíll atá fágtha.” Féach an chaibidil |
“Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin, agus thar cheann a bhfuil fágtha in Iosrael agus in Iúdá, i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Óir is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nár chomhlíon ár sinsir briathar an Tiarna agus gach a bhfuil scríofa sa leabhar seo a chleachtadh.”