An bealach a tháinig sé, fillfidh sé ar ais; ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo - briathar an Tiarna.
Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.
Go deo arís ní fheicfidh tú an cine barbartha, cine na hurlabhra doiléire dothuisceana, cine na briotaíola gan bhrí.
Ó tharla gur thug tú aghaidh do chraois orm agus gur tháinig do shotal fad le mo chluasa, cuirfidh mé fáinne i do shrón agus mo bhéalbhach le do bheola, agus déanfaidh mé thú a chinnireacht ar ais, siar an bealach a tháinig tú!
Déanfaidh mé an chathair a chaomhnú agus a shábháil ar mo shon féin agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.”