Chuala tú cinnte a bhfuil déanta ag ríthe na hAsaíre ar na tíortha go léir, á dtabhairt suas don léirscrios, agus an dóigh leat go dtiocfaidh tusa slán?
Ná bíodh muinín agaibh as an Tiarna ar chomhairle Hiziciá, agus é á rá: Tiocfaidh an Tiarna ár dtarrtháil cinnte, ní ghéillfear an chathair seo suas do rí na hAsaíre.
Níl aon legheas ar do lot; is marfach í do chneá. An uile dhuine a chloiseann do scéal, buaileann sé bosa mar gheall ort. Óir cé air nár luigh do dhanarthacht gan staonadh?