Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 37:10

An Bíobla Naofa 1981

“Seo mar a labhróidh sibh le Hiziciá, rí Iúdá: An Dia seo agat a bhfuil do mhuinín ann, ná cuireadh sé amú thú lena gheallúint nach dtabharfar Iarúsailéim isteach i lámha rí na hAsaíre.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

As an Tiarna Dia Iosrael a bhí a mhuinín aige, i dtreo nach raibh aon duine mar é i measc ríthe Iúdá go léir ina dhiaidh, ná i measc ar ghabh roimhe.

Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm: croitheann siad a gceann agus pus orthu:

Seo iad focail an rí: Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh! Ní bheidh sé in ann sibh a shábháil.

Ná bíodh muinín agaibh as an Tiarna ar chomhairle Hiziciá, agus é á rá: Tiocfaidh an Tiarna ár dtarrtháil cinnte, ní ghéillfear an chathair seo suas do rí na hAsaíre.

De dhéithe na dtíortha uile, cé acu a shábháil a dtír orm? Agus cén chaoi a bhfuil an Tiarna le Iarúsailéim a shábháil?”

Dúirt an tArdoifigeach leo: “Abraigí le Hiziciá gurb í seo teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre: Cad is bun leis an muinín seo agat?

Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm!

As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’ ”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí