Ansin chuir Bein Hadad an teachtaireacht seo chuige: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd liom má bhíonn a dhóthain luaithrigh sa tSamáir le go bhfaigheadh gach duine de mo lucht leanúna lán doirn de.”
Dúirt sé: “Más ar thóir síochána a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad; nó más chun cogaidh a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad chomh maith.”
Thug sé leis an t‑airgead agus an t‑ór go léir agus na fearais go léir a bhí le fáil i dTeampall an Tiarna, agus i gcistí phálás an rí, agus gialla chomh maith, agus ansin d'fhill ar an tSamáir.
Cuir geall anois, más ea, le mo mháistir, rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit más féidir leat dhá mhíle marcach a fháil le dul ar a muin.
Ó Láicis chuir rí na hAsaíre an tArdoifigeach mar aon le slua mór saighdiúirí ag triall ar Hiziciá rí in Iarúsailéim. Thóg siad ionad in aice le sileán na Linne Uachtair ar an mbóthar go Gort an Úcaire.
Déarfaidh sibh liom, b'fhéidir: ‘Is sa Tiarna ár nDia atá ar muinín,’ ach nár leis siúd na hardáin bheannaithe agus na haltóirí a thóg Hiziciá chun siúil, á rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: ‘Is os comhair na haltóra seo amháin a sléachtfaidh sibh.’