Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 36:6

An Bíobla Naofa 1981

Ar an Éigipt? Más ea, tá tú ag brath ar shifín briste nach ndéanann ach lámh aon duine atá ag baint taca as a tholladh is a threaghdadh. Mar sin atá ag Forann, rí na hÉigipte, le daoine a chuireann a muinín ann.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ach rug rí na hAsaíre ar Hóiséa ag déanamh fill air; bhí teachtairí curtha aige go dtí Só, rí na hÉigipte, gan an cháin a thabhairt do rí na hAsaíre mar a rinne na blianta roimhe sin. Uime sin ghabh rí na hAsaíre é agus chuir faoi chuibhreach i gcarcair é.

Is léir go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt anois, an ghiolcach bhriste sin, bata a phriocann agus a ghoineann lámh an té a luíonn uirthi - mar sin atá ag Forann rí na hÉigipte le gach duine a bhíonn ag brath air.

Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha, ná sa duine trí nach dtagann slánú.

Is cuma nó fiacail lofa nó cos leonta fear gan dílseacht ar a mbeifí ag brath in am an ghátair;

Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna.

Daoine is ea na hÉigiptigh agus ní déithe; is feoil a gcuid each agus ní spiorad; agus nuair a shínfidh an Tiarna amach a lámh, bainfear tuisle as fear an chuidithe agus titfidh an fear ar cuidíodh leis ina theannta, agus caillfear iad go léir le chéile.

Ní dhéanfaidh Forann tarrtháil air sa chogadh lena shlua neartmhar agus a mhórchuideachta, ainneoin na mótaí cré agus na mballaí léigir a thógfaí, agus an méid a mharófaí, sa tógáil.

Ní hé amháin nach mbeidh sí ina crann taca ag muintir Iosrael ach cuirfidh sí a peacaí i gcuimhne do Iosrael nuair a iarrfaidh Iosrael cuidiú uirthi. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí