Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 36:11

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Eiliácaím, Seabná agus Ióách leis an Ardoifigeach: “Má is é do thoil é, labhair linn do sheirbhísigh in Aramais, óir tuigimid í; ná labhair linn in Eabhrais in éisteacht an phobail atá ar na ballaí.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Le linn Artaxarxaes, scríobh Mitreadát, Tábael agus a gcomhghleacaithe eile litir ghearáin [in aghaidh Iarúsailéim] go hArtaxarxaes rí na Peirse. Bhí téacs na litreach san Aramais agus in aibítir na hAramaise.

Seo mar a deir an Tiarna Dia na Slua: “Imigh leat chuig an feidhmeannach seo, chuig Seabná, maor an pháláis, agus abair leis:

agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach, Eiliácaím mac Hilciá.

Ach dúirt an tArdoifigeach leo: “An le do thiarna agus leatsa a chuir mo thiarnasa uaidh mé le seo á rá? Ní hea, ach leis na daoine seo atá ina suí ar na ballaí agus gur dual dóibh a gcac féin a ithe agus a mún féin a ól bhur ndála féin?”

Ansin d'éirigh sé ina sheasamh agus scairt sé amach in ard a chinn in Eabhrais: “Éistigí le teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre!




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí