Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 36:10

An Bíobla Naofa 1981

Rud eile fós, an dóigh leat gur gan fhios agus ar neamhchead don Tiarna atá mé i ndiaidh a theacht chun an tír seo a ionsaí agus a scrios? Ní amhlaidh; ach an Tiarna féin a dúirt liom: ‘Gabh suas i gcoinne na tíre sin agus scrios í!’ ”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

D'fhreagair an fear eile: “Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: ‘Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.’ ” Ach ba bhréag a d'inis sé dó.

Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: “Gluais go Rámot Gileád,” ar siad, “agus treise ort! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”

Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”

Agus thairis sin, an bhfuilimse tagtha aníos chun an áit seo a ionsaí agus a scrios gan barántas ón Tiarna? Dúirt an Tiarna féin liom: Gluais i gcoinne na tíre sin agus déan é a scrios.’ ”

chuir seisean teachtairí chuige á rá: “Cén t‑aighneas atá eadrainne, a rí Iúdá? Ní chun tusa a ionsaí a tháinig mé inniu; le ríshliocht eile atáim i gcogadh, agus d'ordaigh Dia dom brostú. Ná bí ag cur isteach a thuilleadh ar an Dia atá i mo theanntasa, nó déanfaidh sé thú a scriosadh.”

Is eol dom nuair a éiríonn tú agus nuair a shuíonn tú, nuair a ghabhann tú amach agus isteach.

An séideann trumpa sa chathair gan eagla a theacht ar an bpobal? An mbuaileann tubaiste an chathair nach é an Tiarna is cúis leis?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí