Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 34:8

An Bíobla Naofa 1981

Óir lá díoltais ag an Tiarna atá ann agus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

A Thiarna Dia, is leatsa an díoltas; a Dhia, a dhíoltasaí, bí do do thaispeáint féin dúinn.

Déanaigí olagón! óir tá sé i ngar, lá an Tiarna; tá sé chugaibh ina léirscrios ó Dhia na n‑uilechumhacht.

Tá lá an Tiarna chugaibh go cruálach, le fraoch agus le fearg loiscneach, chun fásach a dhéanamh den tír agus na peacaigh a theascadh as.

Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.

abraigí le lucht an chroí mhearaithe: “Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh. Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann, tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh; Dia atá ann ag agairt a chúitimh, agus é ag teacht do bhur slánú.”

Taispeáin tú féin tarnocht go bhfeice daoine do náire! Tá mé ar son díoltais agus ní chuirfear isteach orm.

Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin, beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann. Agus beidh a fhios ag an uile fheoil gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir, agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.

chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna, agus lá díoltais dár nDia; chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin

Mar bhí cinnte ar lá an díoltais i mo chroí agam, agus bhí bliain fuascailte mo mhuintire tagtha.

Seo é anois lá an Tiarna, Dia na Slua, an lá a agróidh sé a dhíoltas slogfaidh a chlaíomh iad agus sásófar é, cuirfear ar meisce é lena bhfuil. Sea, tá íobairt ag an Tiarna, Dia na Slua, sa tír thuaidh, láimh le habhainn Eofrataes.

Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.

“Dorchóidh an ghrian agus beidh an ghealach chomh dearg le fuil nuair a thiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna.

Éistigí anois lena bhfuil le rá ag an Tiarna: Éirigh agus agair do chúis i bhfianaise na sléibhte; cloiseadh na cnoic do ghuth.

Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?

Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithrigh tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lae úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé,

Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.

Tá deatach a bpianta ag éirí aníos ar feadh na síoraíochta. Ní bhíonn sos isló ná istoíche ag an dream a shléachtann le hómós don bheithíoch agus dá dhealbh ná ag aon duine a ghabhann marc a ainm chuige.”

A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”

Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí