Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talún agus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta. Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite, agus gan ach beagán den chine daonna fágtha.
Cé hé seo chugainn as Eadóm, as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh? É i mborr agus i mbláth faoina chulaith, ag céimniú i mbarr a nirt. - Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta, mise atá in acmhainn slánaithe!
tugaim suas don chlaíomh sibh agus titfidh sibh ar lár san eirleach. Óir ghlaoigh mé agus níor thug sibh freagra, labhair mé agus níor éist sibh. Ach rinne sibh rudaí a b'olc liom, agus an rud nár thoil liom, ba é bhur rogha é.
Seo é anois lá an Tiarna, Dia na Slua, an lá a agróidh sé a dhíoltas slogfaidh a chlaíomh iad agus sásófar é, cuirfear ar meisce é lena bhfuil. Sea, tá íobairt ag an Tiarna, Dia na Slua, sa tír thuaidh, láimh le habhainn Eofrataes.
“Tá Eadóm ansin, a ríthe agus a prionsaí uile, ina luí leosan a thit leis an gclaíomh in ainneoin a ngaisce. Luíonn siad leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a chuaigh síos go Seól.
De bhrí gur bhain tú aoibhneas as nuair a bánaíodh oidhreacht mhuintir Iosrael, déanfaidh mé amhlaidh leatsa, a Shliabh Shaeír: bánófar thú agus Eadóm uile mar an gcéanna. Tuigfidh na daoine gur mise an Tiarna.”
sea, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dearbhaím é dar cuthach m'éada i gcoinne na gciníocha eile agus i gcoinne Eadóm uile a shealbhaigh agus a chreach mo thír-se le tréan áthais agus tarcaisne.
Bí i do thost i láthair an Tiarna Dia! óir tá lá an Tiarna in achmaireacht. Is ea, go deimhin, tá an Tiarna tar éis íobairt a ullmhú agus a chuid aíonna a choisreacan.
Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”
Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.
Iad siúd atá ag brath ar an dlí, áfach, tá mallacht anuas orthu, mar tá scríofa: “Is mallaithe gach n‑aon nach gcloíonn lena bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus iad a chur i gcrích.”
gruth ón mbólacht, bainne ón tréad, bia saibhir ón bhféarach, reithí do phór Bháiseán, agus gabhair, bia saibhir de dhias na cruithneachta, agus fuil na finiúna glan mar dheoch.
Tá a súile lán d'adhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachtaithe ar an tsaint. Clann na mallachta!
Bhí seacht réalta aige ina dheasláimh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh.