Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 34:12

An Bíobla Naofa 1981

Beidh [a n‑áit chónaithe ag na púcaí inti]; ní bheidh a cuid uaisle ar fáil níos mó, ní ghairfear ríthe inti feasta agus beidh a taoisigh go léir ina neamhní.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Cuireann sé na huachtaráin ó chrích, agus breithiúna na talún ar neamhní.

Ar ndóigh, ní dada sibh agus is neamhní bhur saothar, is gráiniúil an rud é dul i bpáirt libh.”

na cinn nár rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis nuair a rug sé Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, i láimh leis ó Iarúsailéim don Bhablóin mar aon le maithe uile Iúdá agus Iarúsailéim.

Mharaigh rí na Bablóine clann mhac Zidicíá i Ribleá os comhair a shúl; chuir rí na Bablóine maithe uile Iúdá freisin chun báis.

Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d'aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.

Maidir leis an mbia íobartha seo a ithe, is eol dúinn nach bhfuil, dáiríre, bonn ar bith le híola agus nach bhfuil ach an t‑aon Dia amháin ann.

Tá amadán déanta agam díom féin, agus is sibhse faoi deara dom é mar is daoibhse ba chóir mo pháirt a ghlacadh. Mura fiú le háireamh féin mé, ní mhaithfinn bonn do na sáraspail úd.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí