Oíche nó lá ní théann múchadh uirthi, tá an toit ag dul suas uaithi de shíor; beidh ina fásach ó ghlúin go glúin, duine daonna ní ghabhfaidh tríthi go deo.
Ní bheidh cónaí ansin níos mó, ná áitreabh ann ó ghlúin go glúin go deo. Ní chuirfidh an tArabach suas a bhoth ann a thuilleadh, ná na haoirí a dtréada ann i gcró.
Óir tá a gcinniúint uile curtha ar chrainn aige, is í a lamhsan a roinn a gcuid orthu leis an dorú. Beidh seilbh acu uirthi go deo, beidh siad ina gcónaí inti ó ghlúin go glúin.
Agus nuair a théann siad amach, feicfidh siad corpáin na ndaoine sin a rinne ceannairc i m'aghaidh. A gcnumhóg siúd, ní rachaidh in éag ná a dtine ní mhúchfar ábhar gránach a bhéas iontu ag an gcine daonna go léir.
Amhail mar a bhí i scrios Shodom agus Ghomorá, agus sna bailte timpeall ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí ann go deo, a deir an Tiarna.
Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”