Íseáia 33:5An Bíobla Naofa 1981Tá an Tiarna in airde, mar tá a chónaí san aird thuas; líonann sé Síón le ceart agus le cóir. Féach an chaibidil |
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.