Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 33:23

An Bíobla Naofa 1981

tá a théada scaoilte, ní choinníonn siad an crann seoil níos mó, ní chrochann siad an comhartha in airde. Roinnfear creach agus éadáil mhór ansin; go fiú na bacaigh, déanfaidh siad slad.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Ansin ghabh na daoine amach agus rinneadar longfort na nArámach a chreachadh. Bhí tomhas den phlúr is míne ar díol ar sheicil agus dhá thomhas eorna ar sheicil mar a dúirt an Tiarna a bheadh.

Nuair a tháinig na lobhair úd go himeall an champa, chuadar isteach i mboth agus chaitheadar bia agus deoch agus thugadar airgead agus ór agus éidí leo as, agus d'imíodar leo agus chuireadar i bhfolach iad. Ansin d'fhilleadar agus isteach leo i mboth eile agus chreachadar é agus d'imíodar agus chuireadar an chreach i bhfolach.

Tháinig Iahóiseáfát ansin agus a shluaite lena gcreachadh agus fuair siad mórchuid eallaigh agus maoine agus éadaí agus seod; bhailíodar thar mar ab fhéidir leo a bhreith leo; bhí an chreach chomh mór sin go rabhadar trí lá á cruinniú.

Tugann an Tiarna an briathar uaidh; is líonmhar an slua iad lucht inste dea-scéala:

“Cuirtear ruaig is raon maidhme ar ríthe na sluaite agus tá an bhantracht sa bhaile ag roinnt na creiche.

Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh, a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós! nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa; nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.

Is ann is álainn don Tiarna inár bhfianaise, ceantar aibhneacha agus sruthán craobhach, mar nach dtriallann soitheach rámha ar bith, mar nach seolann aon árthach arrachtach;

scuabtar suas a gcreach mar a scuabfadh lócaistí í, tugtar áladh uirthi ar nós áladh de chuid na míolta sin.

beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir. Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach agus srutháin i bhfearann an triomaigh;

Seabá agus Déadán, ceannaithe Thairsís agus a gcoileáin leon uile, fiafróidh siad díot: ‘An ar lorg creiche a tháinig tú? Ar thionóil tú na sluaite le héadáil a ghlacadh, le hairgead agus ór a bhreith leat, le heallach agus earraí a sciobadh agus creach mhór a ghabháil?’

agus an lá ina dhiaidh sin theilg siad trealamh na loinge amach lena lámha féin.

Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú.

Lean Dáiví air sa tóir ansin le ceithre chéad fear, ach d'fhan dhá chéad ina ndiaidh mar go rabhadar róthraochta chun dul thar sileán Bhasór.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí