“Seo mar a deir an Tiarna faoi rí na hAsaíre: ‘Ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo, Ná ní scaoilfidh sé saighead léi, Ná ní sheasfaidh ina coinne le sciath, Ná ní thógfaidh múr léigir ina haghaidh.
D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.
Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéin a theach Iosrael - is é an Tiarna a labhraíonn - is náisiún dochloíte é, náisiún seanda, náisiún nach aithnid duitse a theanga, ní thuigeann tú focal a deir siad.
Tá scríofa sa dlí: “Labhróidh mé leis an bpobal seo,” arsa an Tiarna, “trí bhéal na n‑allúrach agus trí bheola na n‑eachtrannach, ach ní éisteoidh siad liom ar a shon sin.”