- beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.
Mar is tearmann thú don dearóil, tearmann don dealbh in am a ghátair; dídean ón stoirm agus scáth ón teas, mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.
Cé go dtugann an Tiarna duit arán na hanbhuaine agus uisce na duainéise, an té a theagascann thú, ní cheilfidh é féin feasta, agus feicfidh do shúile an Té a theagascann thú.
Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta, ní loiscfear iad le gaoth ná le grian. Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.
is ansin a bheidh d'aoibhneas sa Tiarna; cuirfidh mé i do mharcach thú ar mhullaí cosanta na tíre. Beathóidh mé thú le hoidhreacht Iacóib, d'athair, óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.
Ansin d'ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.
Is é an Tiarna Dia mo neart; tugann sé dom luathchosa eilite; cuireann sé mé ag céimniú go daingean buach ar na harda. Do stiúrthóir an chóir: ar ghléasanna téadacha.
Nach méanar duit, a Iosrael! Cé tá mar thú, pobal a d'fhuascail an Tiarna, an té is sciath do dhídine, agus claíomh do bhua. Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort, ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.