Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.
ghabh muid gin, tá muid i bpriacal mar bheimis ag saolú; ach níor thug muid spiorad an tslánaithe ar an saol, níl áitritheoirí á mbreith don domhan níos mó.
Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.
Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt, ná ní théitear chun dlí go hionraic. Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga; gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh.
Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.
Fad a bhí an talamh i do sheilbh, nár leat féin é? Agus tar éis duit é a dhíol nach raibh a luach faoi do réir agat? Cad ab áil leat an rud seo a bheartú i do chroí? Ní do dhaoine a thug tú an t‑éitheach ach do Dhia.”