Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 32:9

An Bíobla Naofa 1981

A mhná an tsócúil, bígí in bhur seasamh, éistigí le mo ghlór; a iníonacha na rómhuiníne, tugaigí cluas do mo chaint!

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Déan trócaire orainn, a Thiarna, déan trócaire; óir fuaireamar ár ndóthain den dímheas.

Tugaigí cluas agus éistigí le mo ghlór, bígí aireach agus tugaigí libh a bhfuil á rá agam.

Dúirt an Tiarna: “De bharr dhíomais iníonacha Shíón, mar go siúlann siad lena gceann suas agus iad ag caitheamh catsúile, mar go dtéann siad de ghearrchoiscéim, ag baint ceoil as a bhfáinní coise,

Sea, tá an caoineadh le clos as Síón, ‘Cé mar atáimid sladta! Cé mar atáimid náirithe go deo! Óir tá orainn imeacht as an tír, agus slán a fhágáil ag teach agus treabh!’ ”

Agus sibhse, a mhná, éistigí anois le briathar an Tiarna, gabhadh bhur gcluasa focal a bhéal. Múinigí do bhur n‑iníonacha caoineadh, múinigí dá chéile olagón.

An dream nach n‑itheadh ach bia beadaí, tá siad ag fáil bháis sna sráideanna; iad siúd a tógadh in éadach corcra, luíonn siad go faon ar charn dramhaíle.

An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: “Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.

A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”

An bhean is cneasta agus is cineálta in bhur measc, an té sin atá chomh cneasta chomh cineálta sin nár lámhaigh sí bonn a coise a leagan ar an talamh riamh, beidh súil mhuice aici ar a céile cumainn, agus fiú ar a mac agus ar a hiníon;

Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá: “Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim, i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí