Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 32:7

An Bíobla Naofa 1981

Maidir leis an gcaimiléirí, tá a chaimiléireacht mallaithe; bíonn sé ag ceapadh seifteanna chun na bochtáin a mhilleadh le bréaga, fiú agus an ceart ag cúis na ndearóile;

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Tá na peacaigh ag fanacht liom d'fhonn mo mhillte; ach tugaim d'fhorálacha do m'aire.

Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.

Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.

Má thugtar fabhraíocht don urchóideach, ní fhoghlaimíonn sé ionracas, i dtír na córa, déanann sé urchóid; ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna.

an dream seo a chiontaíonn duine le focal, a chuireann gaiste i mbealach an bhreithiúin sa gheata, a chuireann cúis chóir ó mhaith le fianaise bhréige.

Is mairg a scaoileann saor an ciontach ar bhreab, ach a bhaineann a cheart den duine cóir!

Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.

Tá an t‑ionracas in easnamh agus déantar slad ar fhear seachanta an oilc. Chonaic an Tiarna sin agus níor thaitin sé leis nach raibh ceart le fáil os a chomhair.

Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;

“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”

Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.

Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.

agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí