Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 32:6

An Bíobla Naofa 1981

Óir bíonn an t‑amadán ag stealladh amaidí agus a chroí ag meabhrú an oilc, chun an urchóid a chur i gcrích, chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna, chun an t‑ocrach a fhágáil agus a bholg folamh agus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air.

Féach an chaibidil Cóip

33 Tagairtí Cros  

Ná claon mo chroí chun oilc ar bith ná chun drochbhearta a dhéanamh le lucht na hurchóide; nár ithe mé sólais sho-bhlasta ina gcuideachta.

A bhaois féin a scriosann conách duine, ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.

Tá an eagna ró-ard don amadán agus ní bhíonn smid as ag geata na cathrach.

a dhiúltaíonn an cothrom do na dearóil, agus a chuireann bochtáin mo mhuintire as a gceart, a dhéanann na baintreacha a chreachadh agus a dhéanann slad ar na dílleachtaí.

In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.

Má thugtar fabhraíocht don urchóideach, ní fhoghlaimíonn sé ionracas, i dtír na córa, déanann sé urchóid; ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna.

Cén ceart atá agaibh chun mo phobál a bhascadh, agus aghaidh na mbochtán a bhrú?” Is é sin fáistine Thiarna Dia na Slua.

Ina dhiaidh sin féin, tá an Tiarna seiftiúil go leor chun an tubaiste a chur faoi deara freisin; ní dual dó dul siar ar a fhocal, ach éireoidh sé amach in éadan baicle na n‑urchóideach, ina gcoinne siúd a chuidíonn le lucht na míghníomhartha.

an Tiarna a thréigean agus a shéanadh agus imeacht ar shiúl ónár nDia, a bheith ag beartú ansmachta agus ceannairce, agus ag monabhar bréaga inár gcroí.

Ritheann a gcosa chun an oilc, agus deifir orthu fuil neamhurchóideach a dhoirteadh. Bearta coiriúla is ea a mbearta, níl ach scrios agus slad ina ndiaidh aniar.

Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.

An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairt nó an liopard a bhreacadh? Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh, tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc?

Ní leor libh innilt ar an bhféar méith ach satlaíonn sibh ar an gcuid eile le bhur gcrúba. Ní leor libh an t‑uisce glan a ól ach truaillíonn sibh an chuid eile le bhur gcrúba.

go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgead agus an t‑ainniseoir le péire cuarán, agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol?

Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.

“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.

Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.

Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí