Is méanar daoibh ansin agus sibh ag cur síl le hais gach srutháin, agus an damh agus an t‑asal a scaoileadh agaibh saor amach.
Caith do chuid aráin ar na huiscí, mar tar éis mórán laethanta gheobhaidh tú ar ais é.
An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.
Mórán dá raibh ag éisteacht leis an teachtaireacht, áfach, chreid siad, agus bhí tuairim is cúig mhíle fear acu ann.
agus bhí líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ag dul i mbreis i gcónaí
mise a chuir an síol, Apollós a chuir an t‑uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é.
Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta.