Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 31:6

An Bíobla Naofa 1981

Filligí ar an té atá séanta agus dúshéanta agaibh, a chlann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Na príomhshagairt go léir, agus an pobal go léir chomh maith, bhí siad thar a bheith mídhílis, agus rinne siad aithris ar nósanna gránna na gciníocha, agus thruailligh siad Teampall an Tiarna a choisric sé in Iarúsailéim.

Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos, Díbir an urchóid ó do bhoth,

Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh, óir tá an Tiarna ag labhairt: “Thóg mé agus d'oil mé clann mhac, ach d'éirigh siad amach i mo choinne.

Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhain d'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna, ag beartú a gcealga sa dorchadas agus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”

Tá do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néal agus do chionta ar nós scamaill. Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam.

Níor chuala tú trácht riamh orthu, níorbh eol duit iad, ní raibh do chluas oscailte agam dóibh roimh ré. Óir bhí a fhios agam an feall atá ionat, agus clú na ceannairce a bheith ort ón mbroinn.

Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.

Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach - is é an Tiarna a labhraíonn.”

Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh: Fill, a Iosrael mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh strainc orm leat feasta, óir táim trócaireach - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí.

“Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.

“Filligí, a mhaca mídhílse, leigheasfaidh mise bhur mídhílseacht.” “Táimid anseo, is ortsa atá ár dtriall, óir is tú an Tiarna ár nDia.

Ach tá croí ainrianta, easumhal ag an bpobal seo; d'éirigh siad amach - is maith chuige sin iad!

Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael?

Ní bhainimse sult as bás aon duine - an Tiarna Dia a labhraíonn. Ar an ábhar sin guím aithrí daoibh agus beatha.”

Tá poll domhain tochailte acu dó, faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh. Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.

Dá bhrí sin abair leis an bpobal: ‘Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Filligí orm, a deir Tiarna na Slua, agus fillfidh mise oraibhse, a deir Tiarna na Slua.

ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d'fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí.

Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí