Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 31:5

An Bíobla Naofa 1981

Ar nós mar bhíonn éanlaith ar foluain, is amhlaidh a dhéanfaidh Tiarna na Slua cumhdach ar Iarúsailéim, á cumhdach agus á baint as braighdeanas, ag ligean léi agus á scaoileadh saor.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n‑uiscí.

Déanfaidh mé an chathair seo a chosaint agus a fhuascailt, ar mo shon féin, agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.’ ”

Rinne an Tiarna Hiziciá agus áitritheoirí Iarúsailéim a fhuascailt ó chumhacht Shanaichéiríb rí na hAsaíre agus ó chumhacht a naimhde go léir, ar an tslí sin, agus thug sé síocháin dóibh ar gach taobh.

Tiocfaidh an Tiarna i gcabhair orthu lena bhfuascailt; sábhálfaidh sé iad ó na hurchóidigh de bhrí gurb ann atá a ndóchas.

Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.

Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.

Déanfaidh sé díon duit lena eiteoga, agus rithfidh tú chuige faoina sciatháin.

déarfaidh sibh: ‘Is é íobairt Chásca an Tiarna é mar ghabh sé thar thithe chlann Iosrael san Éigipt, nuair a mharaigh sé na hÉigiptigh ach gur chaomhnaigh sé ár dtithe.’ ” Agus chrom na daoine a gceann agus rinneadar ómós.

‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh.

D'aimsigh mo lámh, mar i nead a bheadh sé, saibhreas na gciníocha. Mar a thógfá uibheacha a tréigeadh, bhailigh mé chugam an talamh ar fad, agus níor greadadh sciathán, níor osclaíodh gob, níor chualathas gíog.”

An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá: “Tá baile daingean againn; leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean.

Mise, an Tiarna, atá i mo chaomhnóir air; bím de shíor ag coinneáil uisce leis ar eagla go dtitfeadh a dhuilliúr; de lá agus d'oíche bím á chaomhnú.

abraigí le lucht an chroí mhearaithe: “Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh. Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann, tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh; Dia atá ann ag agairt a chúitimh, agus é ag teacht do bhur slánú.”

Déanfaidh mé an chathair a chaomhnú agus a shábháil ar mo shon féin agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.”

Scaoilfidh mé saor thú as láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chumhdach.”

Nochtfaidh an Tiarna os a gcionn. Seinnfidh a shaighead amach mar splanc thintrí; séidfidh an Tiarna Dia an stoc, agus réabfaidh sé leis ar aghaidh ar stoirmeacha an deiscirt.

Suífidh mé mo champa mórthimpeall mo thí, mar gharda in aghaidh a dtiocfaidh agus a n‑imeoidh; ní ghluaisfidh aon tíoránach tríothu feasta, mar táimse tar éis bheith ag faire orthu anois le mo shúile cinn féin.

Mar iolar ag faire a neide, ar foluain os cionn a ghearrcach, leathann sé a sciatháin le breith air agus cuireann a eiteoga leis mar theannta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí