Íseáia 31:2An Bíobla Naofa 1981Ina dhiaidh sin féin, tá an Tiarna seiftiúil go leor chun an tubaiste a chur faoi deara freisin; ní dual dó dul siar ar a fhocal, ach éireoidh sé amach in éadan baicle na n‑urchóideach, ina gcoinne siúd a chuidíonn le lucht na míghníomhartha. Féach an chaibidil |
“Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna, “fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir; mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú, na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile chun go ligfidh mé mo racht amach orthu, mo chuid feirge fíochmhaire go léir. Go deimhin, ídeofar an domhan go léir le tine mo chuid éada.
Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”