Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh, óir tá an Tiarna ag labhairt: “Thóg mé agus d'oil mé clann mhac, ach d'éirigh siad amach i mo choinne.
Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta, a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe! Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael, d'iompaigh siad uaidh i leith.
In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.
Deir sibh: “Tá conradh déanta againn leis an mBás, agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach. Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart, ní shroichfidh sé fad linne; mar tá dídean faighte againn sa bhréag, agus sa chealg fuaireamar foscadh.”
Is mairg do chlann na ceannairce! - briathar an Tiarna é seo. Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é, ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m'anáilse fúithi, ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu.
Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.
Comhlíonadh briathar Iónádáb mhic Raecáb nuair a d'ordaigh sé dá chlainn mhac gan fíon a ól; go dtí inniu féin ní ólann siad aon deor, ach umhlaíonn siad d'ordú a sinsir. Ach labhair mise libhse gan stad gan staonadh, ach níor éist sibh liom.
Agus anois, de bhrí go ndearna sibh na peacaí seo uile - an Tiarna a labhraíonn - agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht nuair a labhair mé go moch agus go mall, agus nár fhreagair sibh nuair a ghlaoigh mé oraibh,
Mar sin déarfaidh tú é seo leo: ‘Seo é an cine nach n‑umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D'éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal.
“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.
Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”
Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.