Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é. Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;
Cuardaigí i leabhar an Tiarna agus léigí; oiread agus ceann amháin níl in easnamh! Óir is é a bhéalsan a d'ordaigh é, agus a spioradsan a thug le chéile iad, gach aon acu agus a leathéan in éineacht leis.
“Tóg thusa scrolla agus scríobh ann na briathra uile dár labhair mise leat i dtaobh Iarúsailéim agus Iúdá agus an uile chine ón lá ar labhair mé i dtús leat go dtí inniu.
Anois bhí scríofa i leabhar faoi leith ag Irimia an tubaiste iomlán a thiocfadh ar an mBablóin, na briathra uile atá scríofa anseo i dtaobh na Bablóine.
Ionsóidh tú mo phobal Iosrael amhail néal ag clúdach na talún. Sna laethanta déanacha spreagfaidh mé thú chun mo thír a ghabháil i dtreo go n‑aithneoidh na ciníocha mé, nuair a bhainfidh mé feidhm asatsa, a Ghóg, chun mo naofacht a léiriú os a gcomhair.
Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).
Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a d'aithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t‑olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.”
Deir an Spiorad go dearfa go dtréigfidh daoine áirithe an creideamh sna haimsirí deiridh mar go dtabharfaidh siad aird ar na spioraid bhréagacha agus ar an teagasc a thagann ó na deamhain.