D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.
Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?
Agus déarfaidh muintir an chósta anseo: ‘Féach ar tharla don té a raibh muinín againn ann agus a ndeachaigh muid chuige ar lorg cabhrach agus dídine ar rí na hAsaíre. Cén bealach éalaithe atá againn anois?’ ”
Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael: San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh, sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart, ach níorbh áil libh.”
Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?
“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Le rí Iúdá a chuir chugamsa thú le dul i gcomhairle liom, abair é seo: An bhfuil slua Fhorainn ag teacht i gcabhair oraibh? Fillfidh siad dá dtír féin, an Éigipt.
Nuair a bhraith Eafráim a tinneas agus Iúdá a chneá, d'imigh Eafráim chun na hAsaíre agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí]; ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas ná bhur gcneá a chneasú.