Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 30:26

An Bíobla Naofa 1981

Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n‑uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht; Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú.

Díth ná dochar ní dhéantar níos mó ar fud mo shléibhe bheannaithe go léir, óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiama mar a líonann an fharraige leis an lán mara.

Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad.

Beidh náire ar an ngealach, agus ceann faoi ar an ngrian, óir déanfar rí de Thiarna na Slua ar shliabh Shíón in Iarúsailéim agus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí.

léireofar daoibh an cion seo a bheith mar a bheadh balla ard agus gág anuas ann, bolg amach air agus é i ríocht titim, a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl,

a bhriseann ar nós soitheach potaire á smísteáil síos gan trua gan taise, - ionas nach bhfuil le fáil sa chonamar oiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallach nó a thaoscfadh uisce as an sistéal.”

Níl áitreabhach a déarfaidh choíche arís: “Tá mé breoite”; an pobal a lonnóidh ann, maithfear dóibh a gcionta go léir.

chonaic mé féin iad na bealaí céanna. Ach leigheasfaidh mé é agus tabharfaidh mé sólás dó; líonfaidh mé le suaimhneas é, é féin agus lucht a chaointe,

Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachan agus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí. Rachaidh d'fhíréantacht romhat amach agus glóir an Tiarna i do dhiaidh.

Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;

Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat, agus leigeasfaidh mé do chréachtaí - an Tiarna a labhraíonn. Óir ghairidís ‘An Díbeartach'díot, ‘Éadáil linn ar cuma le haon duine í!’

Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?

“Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.

Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá, ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís, ionas go mairfimid os a chomhair.

“An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,

Ar an lá sin, cosnóidh an Tiarna áitritheoirí Iarúsailéim agus ar an lá sin freisin beidh an duine is laige díobh cosúil le Dáiví agus beidh teaghlach Dháiví féin cosúil le Dia, cosúil le haingeal an Tiarna, ar a dtosach.

Ach lá ar leith a bheidh ann - mar is eol don Tiarna; óir, ní bheidh aon difríocht ann idir lá agus oíche, mar beidh solas ann san oíche.

Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).

Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.

Ní bheidh oíche ann feasta, agus ní bheidh gá acu le solas lóchrainn ná solas na gréine, óir lonróidh an Tiarna Dia orthu agus rialóidh siad ar feadh na síoraíochta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí