Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.”
Seo mar a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.
Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.
Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’
Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach thar na bearta agat, agus féach chuige le cáiréis go ndéanfaidh tú beart de réir an dlí go léir a d'ordaigh Maois m'óglach duit; ná cas ar dheis ná ar chlé uaidh, i dtreo go mbeidh an t‑ádh leat cibé treo baill ina rachaidh tú.
Ach maidir libhse, maireann fós ionaibh an t‑ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní aon bhréag - mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.
Maidir liomsa, gura fada uaim peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna trí scor de bheith ag guí ar bhur son agus do bhur dteagasc i slí an chirt agus na córa.