Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 30:14

An Bíobla Naofa 1981

a bhriseann ar nós soitheach potaire á smísteáil síos gan trua gan taise, - ionas nach bhfuil le fáil sa chonamar oiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallach nó a thaoscfadh uisce as an sistéal.”

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Déanfar sprioc lámhaigh de gan trua ná taise; Caithfidh sé teitheadh ó lucht a bhagartha.

Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn; brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.”

Rinne ábhar aithise díom do mo naimhde go léir. Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé: is cúis uamhain mé do mo chairde. An dream a chastar sa tsráid orm, teitheann siad uaim.

Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan; déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas.

Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.

Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n‑uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.

Beidh siad ar nós na gcoinlíní a dhónn an tine. Ní shábhálfaidh siad a mbeo ar ghreim na lasrach. Ná ní aon ghríosach í seo chun do ghoradh a dhéanamh, ní aon teallach é le suí os a chomhair.

a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.

Déanfaidh mé iad a ghreadadh in aghaidh a chéile, athair agus mac in éineacht - an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh trua agam, ní choigleoidh mé, ní dhéanfaidh mé trócaire, ach scriosfaidh mé iad.’ ”

Ar dhíonta tithe Mhóáb agus ina shráideanna, níl le clos ach caoineadh, mar bhris mé Móáb mar a bhrisfí soitheach nach dteastaíonn ó aon duine - an Tiarna a labhraíonn.

Clann mhac oirirc Shíón, ar fiú a gcothrom féin den ór is fearr iad, mo léan, áirítear iad mar chrúscaí cré, mar dhéantúis lámh an photaire.

Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.

Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire ach tú a chúiteamh mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.

Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire; gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh tú ansin gur mise, an Tiarna, a bhuaileann.

Dá bhrí sin, smachtóidh mé iad le teann feirge, gan anacal gan trócaire. Glaoidís orm in ard a gcinn; ach ní thabharfaidh mé aon aird orthu.”

Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.”

go ceann daichead lá, á phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air.

Más rud é nár lig Dia leis na craobhacha dúchais ní ligfidh sé leatsa ach oiread.

Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?

ní mhaithfidh an Tiarna dó; ach lasfaidh fearg agus formad an Tiarna in aghaidh an duine sin, agus luífidh gach mallacht atá scríofa sa leabhar seo ar a mhullach, agus scriosfaidh an Tiarna a ainm ó faoi neamh.

mar a fuair mise ó m'athair, agus déanfaidh sé iad a rialú le slat iarainn, faoi mar a bheadh soithí cré á mbascadh;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí