Íseáia 30:10An Bíobla Naofa 1981Deir siad le lucht físe: “Ná bíodh físeanna agaibh”, agus leis na fáithe: “Ná tuaraigí an ceart dúinn”. “Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn; Féach an chaibidil |
Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”