ionas go bhfaighidh gach aon greim ar a dheartháir i dteach a athar: “Tá brat agat, bí i do thaoiseach orainn, agus tóg an fothrach seo de theaghlach idir lámha.”
Tabharfaidh an fear eile mar fhreagra air, an lá sin: “Ní fear leighis mise, níl arán ná brat i mo theach; ná déanaigí taoiseach díomsa ar an teaghlach.”
Agus béarfaidh seachtar ban greim ar aon fhear amháin, an lá sin: “Gheobhaimid bia dúinn féin,” a déarfaidh siad, “agus cuirfimid éadaí orainn féin; ach lig dúinn d'ainm a thabhairt orainn féin, tóg dínn cúis ár náire.”