Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 3:4

An Bíobla Naofa 1981

“Tabharfaidh mé ógánaigh mar phrionsaí dóibh, agus beidh siad faoi réir ag lucht baoise.”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Bhí Manaise dhá bhliain déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé cúig bliana agus caoga i réim in Iarúsailéim.

Bhí Ióisíá ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim.

Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i réim, agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim.

Bhí Iahóácház trí bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim.

Bhí Iachóiácaím cúig bliana agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim i Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna a Dhia.

Bhí Iahóiácaín ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí bliana agus deich lá i réim in Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

Mairg duit, a thír a bhfuil leanbh ina rí ort, agus a mbíonn do phrionsaí ag caitheamh fleá ar maidin.

A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúra agus faoi anfhorlann ag mná. A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachrán agus iad ag milleadh an bhealaigh romhat.

Dúirt an Tiarna: “De bharr dhíomais iníonacha Shíón, mar go siúlann siad lena gceann suas agus iad ag caitheamh catsúile, mar go dtéann siad de ghearrchoiscéim, ag baint ceoil as a bhfáinní coise,

ceann feadhna, ceannasaí, comhairleoir, draoi agus ceard.

Is trí fhearg an Tiarna a tharla sé seo in Iarúsailéim agus in Iúdá, gur theilg sé uaidh iad faoi dheireadh. D'éirigh Zidicíá amach in aghaidh rí na Bablóine.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí