Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 3:26

An Bíobla Naofa 1981

Beidh do gheataí ag caoineadh agus ag déanamh mairgní; agus beidh tú i do shuí ar an talamh, tarnocht.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Shuigh siad ar an talamh taobh leis ar feadh seacht lá agus seacht n‑oíche, gan focal a labhairt leis mar ba dhobrónach an radharc acu é.

Thóg seisean slige leis chun é féin a scríobadh agus suigh sé sa luaithreach.

Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair! Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir! Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatach agus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán.

ansin cuirfidh mé Airéal i ngéibheann, beidh éagaoin ann agus éagnach. Beidh tú i d'Airéal agam go dearfa, i do thóiteán tine;

Óir tá an pálás tréigthe, agus torann an bhaile ina thost; beidh cnoc Oifil agus an Port Mór ina bpluaiseanna go deo, réimse macnais do na hasail allta, féarach na dtréad.

Tá an tír ag mairgneach agus ag meath; tá an Liobáin feoite le náire. Is geall le gaineamhlach Seárón; tá Báiseán agus Cairmeil suaite lomtha.

Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach.

Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé: “Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,

“Tá Iúdá ag caoineadh, tá a bailte ag déanamh dobróin agus iad íslithe go talamh; téann éamh ó Iarúsailéim suas.

Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n‑ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.

Ochón! An chathair a bhíodh plúchta le daoine, maireann sí léi féin ar an uaigneas; is cosúil le baintreach anois í siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún; banphrionsa i measc na gcúigí ab ea í ach is daorstát í faoi láthair.

Tá bóithre Shíón ag caoi mar ní thaithítear a hionad teagmhála; tá a geataí uile bánaithe agus déanann a sagairt osnaíl; bíonn a maighdeana go léir á gcrá. Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!

Tá seanóirí iníon Shíón ina suí ar an talamh ina dtost, luaithreach caite ar a gceann acu agus iad gléasta in éadach róin; tá a gceann cromtha go talamh ag maighdeana Iarúsailéim.

Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamh de bhalla iníon Shíón; shín sé an dorú tomhais leis agus níor stad sé go raibh sé scriosta; chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhún sa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú.

Bánófar na cathracha cónaithe agus scriosfar an tír; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.’ ”

Ansin tiocfaidh prionsaí uile na farraige anuas óna ríchathaoireacha, bainfidh sibh díobh a gclócaí, cuirfidh uathu a n‑éide bhróidnéirithe. Gléasfaidh siad iad féin agus scanradh orthu; suífidh siad ar an talamh ag crith gan stad, agus uafás orthu mar gheall ortsa.

Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d'aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.

á rá: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach níor bhuail sibh bhur n‑ucht.’

nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d'fhiosraithe.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí