Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 3:23

An Bíobla Naofa 1981

scátháin, línéadach mín, turbain agus caillí cloiginn.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

agus dúirt leis an searbhónta: “Cé hé an fear úd thall ag siúl an bháin inár dtreo?” “Siúd é mo mháistir,” arsa an searbhónta á freagairt. Thóg sí an fial ansin agus chuir thar a ceannaithe é.

agus bhain Forann an fáinne dá láimh féin agus chuir ar láimh Iósaef é agus chuir fallaing de línéadach mín air agus slabhra óir timpeall a mhuiníl.

Bhí éide de línéadach mín ar Dháiví mar a bhí ar na Léivítigh go léir a bhí ag iompar na háirce, ar an cantairí agus ar Chanainiá, an té a bhí i gceannas ar cheol na gcantairí. Chaith Dáiví an t‑éafód lín freisin.

Rinne sé an t‑umar cré-umha agus a bhonn cré-umha de scátháin na mban a bhí ag freastal ag an doras isteach go Both na Teagmhála.

Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile. Bhuail siad mé, agus ghoin, srac siad díom mo bhrat, lucht faire an bhaile.

éadach luachmhar, fallaingeacha, cábaí, sparáin,

In ionad an chumhráin, lofacht; in ionad creasa, súgán; in ionad gruaige cóirithe, cloigeann bearrtha, agus mar éide mhaiseach, éadach róin; in áit áilleachta, lorg an iarainn dheirg.

Chuig na clocha brón leat agus meil an mhin! Scaoil díot do chaille; tóg suas do sciortaí, taispeáin do chosa, siúl tríd na haibhneacha.

Thug mé éadach bróidnéirithe duit, bróga leathair, filéad lín agus clóca síoda.

“Cuirigí ceannbheart glan ar a cheann,” ar seisean ansin. Chuir siad an ceannbheart glan ar a cheann agus ghléas siad é sna héadaí. Lena linn sin bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh in aice láimhe.

“Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn.

Agus bhí sluaite neimhe á leanúint ar eacha geala, agus iad feistithe i línéadach mín gléigeal glan.

Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach” (óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín).

Ansin dúirt sé léi: “Tabhair leat an brat atá á chaitheamh agat agus leath amach é.” Leath sí roimhe é agus chuir seisean sé thomhas eorna ann, agus d'ardaigh uirthi é. D'imigh sí léi isteach sa chathair ansin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí