Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 3:2

An Bíobla Naofa 1981

gaiscíoch, ceithearnach, breitheamh agus fáidh, fear feasa, seanóir,

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Áiríodh Iosrael go léir de réir a gcraobha ginealaigh, agus tá siadsan scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá nuair a tugadh iad ar deoraíocht go dtí an Bhablóin de bharr a mídhílse.

Ní fheicimid ár gcomharthaí, níl fáidh ann feasta ná níl aon neach inár measc arb eol dó cá fhad.

ceann feadhna, ceannasaí, comhairleoir, draoi agus ceard.

“Abair leis an dream ceannairceach sin: ‘Nach dtuigeann sibh cad is ciall leis na nithe seo?’ Inis dóibh: Féach, tháinig rí na Bablóine go Iarúsailéim; ghabh sé an rí agus na prionsaí agus thug leis iad chun na Bablóine.

Ghlac sé fear de shíol na rí agus rinne conradh leis, á chur faoi bhrí na mionn. Ghabh sé cheana féin taoisigh na tíre

Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, an bhfuil feicthe agat cad tá ar siúl ag sinsir mhuintir Iosrael sa dorchadas, gach fear acu ina sheomra daite féin? Óir deir siad: ‘Ní fheiceann an Tiarna sinn, tá an tír tréigthe ag an Tiarna.’ ”

Chuala mé é ag rá leis an gcuid eile: “Gabhaigí tríd an gcathair ina dhiaidh agus buailigí gan anacal gan trócaire.

scriosfaidh mé an taoiseach óna lár agus maróidh mé gach prionsa leis, a deir an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí