Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.
A luaithe a chonaic sé an fáinne agus na bráisléid a bhí á gcaitheamh ag a dheirfiúr, agus gur chuala sé a ndúirt Ribeacá a dheirfiúr: “A leithéid seo ar sé liom,” chuaigh sé go dtí an fear; agus, féach! bhí seisean ina sheasamh lena chamaill ag an tobar.
Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.
“Cén geall a fhágfaidh mé agat?” ar sé. “Do shéala, do chorda agus an bata atá i do ghlaic,” ar sí. Thug sé di iad, luigh léi, agus ghabh sí gin uaidh.
Nuair a bhí sí á breith amach, chuir sí scéala chun athair a céile: “An té ar leis na nithe seo is uaidh a toirchíodh mé.” Agus dúirt sí: “Féach, le do thoil, cé leis an séala, an corda agus an bata seo?”
Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna:
Thugamar dá bhrí sin mar ofráil don Tiarna na seoda óir a fuaireamar - slabhraí rí agus géag, fáinní, cluasáin, agus dealga - chun go ndéanfaí gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar ár son i láthair an Tiarna.”