Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 3:14

An Bíobla Naofa 1981

Tá an Tiarna ag daoradh seanóirí agus prionsaí a phobail. “Is sibhse a chreachann an fíonghort agus a cheileann seilbh an bhochtáin in bhur dtithe.

Féach an chaibidil Cóip

34 Tagairtí Cros  

An de bharr do dhúthrachta a chuireann sé pionós ort Agus a théann sé chun breithiúnais leat?

Éiríonn an dunmharfóir roimh lá, Leis an mbocht agus an dealbh a mharú. Téann an gadaí timpeall san oíche,

Baintear a dtalamh de leanaí gan athair, Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.

Óir ní dhearna sé coinne d'aon duine Le dul i láthair Dé i mbreithiúnas.

Fanann sé faoi cheilt ar nós leoin ina uachais, fanann sé i bhfolach chun breith ar lucht na hainnise: beireann sé ar an ainniseoir agus tugann ina líon é.

An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna.

Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais; óir níl aon neach fíréanta i d'fhianaise.

Tá pór ann le claímhte mar fhiacla, agus sceana mar ghialla acu, Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne; agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine.

Is mairg dóibhsean a reachtaíonn reachtanna éagóra, do scríobhaithe scríbhinní na hurchóide,

a dhiúltaíonn an cothrom do na dearóil, agus a chuireann bochtáin mo mhuintire as a gceart, a dhéanann na baintreacha a chreachadh agus a dhéanann slad ar na dílleachtaí.

Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.

Ach beidh na bochtáin ag iníor ar mo thailte féaraigh, agus na truáin ag ligean a scíthe go slán sábháilte. Maidir le do shliochtsa, áfach, tabharfaidh mé a mbás le hocras agus maróidh mé a bhfuil fágtha díbh.

cosa na n‑úiríseal agus na mbochtán, siúlann siad orthu ina gcoiscéim.”

Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís, agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,

Ar an ábhar sin a deir Neach Naofa Iosrael: “De bhrí gur beag libh an rabhadh seo, agus go bhfuil bhur muinín sa chamastaíl agus san fheall, agus gurb iad is crann taca agaibh,

Óir, fíonghort Thiarna na slua, is é teaghlach Iosrael é, agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann. Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart, le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.

Déanann sibh troscadh agus sibh ag bruíon agus ag troid agus ag bualadh dorn ar a chéile le binb. Troscadh mar atá ar siúl agaibh faoi láthair, ní hé a leithéid a gheobhaidh éisteacht thuas do bhur nglór.

Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna, shatail siad faoi chois mo chomhroinn, rinne siad m'oidhreacht shólásach ina fásach aonraic.

Mar a bheadh cliabhán ann lán d'éanlaith amhlaidh sin tá a dtithe lán de chreach; d'éirigh siad mór agus saibhir dá bharr,

a imríonn éagóir ar an mbochtán agus ar an ainniseoir, a ghoideann, nach dtugann geall ar ais, a thógann a shúile chun na n‑íol, a mbíonn imeachtaí gránna ar siúl aige,

agus tabharfaidh mé sibh go Fásach na Náisiún, áit a ndaorfaidh mé sibh agus sinn i láthair a chéile.

Dála mar a dhaor mé bhur n‑aithreacha san fhásach i dtír na hÉigipte, daorfaidh mé sibhse mar an gcéanna - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Má dhéanann tú aon rud a dhíol le do chomharsa nó a cheannach uaidh, ná sáraigh an fear thall.

Ná déanadh aon duine agaibh éagóir ar a chomharsa, ach bíodh eagla oraibh roimh bhur nDia. Mise an Tiarna bhur nDia.

de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáin agus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh, de bhrí go dtaithíonn an t‑athair agus an mac an striapach chéanna, rud is masla do m'ainm naofa,

Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”

Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.

Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.

a alpann feoil mo phobail; is a bhaineann a gcraiceann díobh; a bhriseann a gcnámha agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán nó mar chonablach i gcoire.

An amhlaidh a chaithfidh mé an taisceadh éagórach agus an buiséal gann mallaithe a cheadú freisin?

“Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíonghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch.

Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí