Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d'fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?”
Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t‑olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!”
Féach! tabharfaidh mé an t‑olc sa mhullach ort, agus déanfaidh mé scrios iomlán ort. Gearrfaidh mé gach mac máthar dá shliocht daor nó saor chun siúil ó Acháb.
éistse ó na flaithis agus déan beart agus tabhair breith idir do shearbhóntaí; daor an ciontach agus tabhair a iompar sa mhullach air féin; cosain an fíréan agus tabhair luach saothair dó de réir a fhíréantachta.
Tabhair díolaíocht dóibh de réir a ngníomhartha agus mioscais a n‑ainbheart. Tabhair luach saothair dóibh de réir obair a lámh: déan an comhar a dhíol leo.
Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.
Ní bheidh níos mó ann naíonán nach maireann ach beagán laethanta ná seanduine nach dtugann a sheal. An té a mhaireann céad bliain, ní bheidh ann ach ógánach; agus an té nach maireann an céad, beidh sé amuigh air gur faoi chrann smola a bhí sé.
a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.
An duine a pheacaíonn, éagfaidh sé. Ní bheidh an mac freagrach i bpeacaí an athar ná an t‑athair i bpeacaí an mhic; gheobhaidh an fíréan creidiúint as a fhíréantacht féin amháin agus an drochdhuine as a urchóid.
Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Má deirim le drochdhuine: A dhrochdhuine, éagfaidh tú gan teip; agus nach dtugtann tusa rabhadh dó iompú ó bhealach a aimhleasa, gheobhaidh an drochdhuine sin bás de bharr a pheaca ach cuirfidh mé an fhreagracht ortsa.
Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.