Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 29:12

An Bíobla Naofa 1981

Nó tabhair an leabhar do dhuine nach bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagra: “Níl léamh agam.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Tá fís agus fáistine mar bheadh na focail i leabhar séalaithe agaibh anois. Tabhair a leithéid sin de leabhar do dhuine a bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagraíonn sé: “Ní féidir liom, mar tá an leabhar faoi shéala.”

Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,

An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh, agus as lár an dúcháin agus an dorchadais tiocfaidh radharc i súile na ndall.

Tá an tiomna faoi chlúdach, an teagasc faoi shéala agam i gcroí mo dheisceabal.

“Is iad na miondaoine amháin nach bhfuil aon chiall acu,” arsa mise, “mar níl a fhios acu slí an Tiarna, ná reacht a nDé.

Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú. Ó chaith tusa uait an t‑eolas, caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht; agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne, ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí