Ghlaoigh Maois ar Bhazalael agus ar Ohoilíáb agus ar gach duine éirimiúil dár chuir an Tiarna éirim ina aigne, agus ar gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, teacht agus an obair a dhéanamh;
An amhlaidh, nuair a bhíonn sé cothrom aige, nach gcraitheann sé lus mín air, nach gcuireann sé coimín, agus cruithneacht agus eorna ina dhiaidh sin, agus an spealt ar an imeall amuigh?
“Cé atá sé ag iarraidh a chur ar an eolas, an fáidh seo? Cé dhó ab áil leis a shoiscéalaíocht a mhíniú? Do pháistí, an ea, nua-choiscthe ón mbainne, do leanaí atá á mbaint den chíoch?
Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.