Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 28:22

An Bíobla Naofa 1981

Dá bhrí sin, scoirigí den ábhacht, ar eagla go dteannfaí bhur gcuibhreacha oraibh; óir chuala mé anois scrios na tíre go hiomlán á fhógairt thar ceann an Tiarna Dia na Slua.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Ghabh na teachtairí ó chathair go cathair, trí thír Eafráim agus Mhanaise agus ar aghaidh go Zabúlun; ach bhíothas ag magadh agus ag déanamh fonóide fúthu,

Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é.

Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.

Óir rinne sé smionagar de na doirse práis agus réab sé na sparraí iarainn ó chéile.

Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt do bhur nDia, ach laistigh de na críocha seo!”

Tá [an bata] ullamh do scigirí, agus léasadh do dhroim na n‑amadán.

An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána.

Tugaigí cluas agus éistigí le mo ghlór, bígí aireach agus tugaigí libh a bhfuil á rá agam.

Níor bhain mé sult riamh as suí i gcomhluadar na scigirí; mar gheall ar do láimhse orm, shuigh mé ar leithligh, óir líon tú le fearg mé.

Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh; rug tú bua orm; ba thú ba threise. Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm, is ceap magaidh mé ag gach aon duine.

Scriosfar an tír ar fad agus beidh sí ina fásach, fad a fhanfaidh siad ina sclábhaithe i measc na gciníocha go ceann seachtó bliain.

Ní raibh uair dá mbíodh a trí nó a cheathair de cholúin léite ag Iahúidí nach ngearradh an rí iad le scian scríobhaí agus go gcaitheadh isteach sa tine ar an teallach iad nó gur dódh an scrolla ar fad sa tine ar an teallach.

Ansin bhain sé na súile as Zidicíá, cheangail le slabhra é á bhreith don Bhablóin.

Tá mo chionta ceangailte ina gcuing; fíodh le chéile iad ina lámhasan agus ardaíodh iad ar mo mhuineál; eisean ba chúis le lagú mo nirt; thug an Tiarna ar láimh dóibh mé sa chaoi nach dtig liom fanacht i mo sheasamh.

An mbeidh tú in ann greim a choinneáil ar do mhisneach, nó do lámh a choinneáil láidir, an lá a dtabharfaidh mé chun cúitimh thú? Mise, an Tiarna, a labhair agus cuirfidh mé i gcrích é.

Cén chomhcheilg atá á beartú agaibh ín aghaidh an Tiarna? Eisean a t‑ollscriostóir. Tá deireadh leis an ansmacht go deo.

Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann

Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú mar an gcéanna.

titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.

Nuair a chuala siad Pól ag trácht ar aiséirí ó mhairbh, thosaigh cuid acu ag magadh faoi. Is é a dúirt cuid eile acu, áfach: “Cloisfimid a thuilleadh faoi seo uait lá éigin eile.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí