Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 28:21

An Bíobla Naofa 1981

Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d'éirigh sé ar shliabh Parazaím; tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeón chun a ghníomh a chur i gcrích - agus is ait an gníomh é! - chun a shaothar a shaothrú - agus is aduain an saothar sin!

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Chuaigh Dáiví go Bál Parázaím agus bhuaigh sé ansiúd orthu. Dúirt Dáiví: “Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.” Uime sin a tugadh Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin.

Rinne Dáiví mar a d'ordaigh an Tiarna dó; chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go Bealach Gheizir.

Ghabh siad suas go Bál Parázaím dá bhrí sin agus bhuaigh Dáiví orthu ansiúd. Dúirt Dáiví: “Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad le mo chabhair, faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.” Tugadh, dá bhrí sin, Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin.

Rinne Dáiví mar a d'ordaigh an Tiarna dó, agus chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go dtí Bealach Gheizir.

Cé sheasfaidh liom in aghaidh na n‑ainbheartach do mo chosaint ar lucht déanta an oilc?

Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána.

gach uair a dtagann, sroichfidh sé sibh. Maidin in aghaidh na maidne tiocfaidh sé ar a chuairt, tiocfaidh de lá agus d'oíche; agus cúis scéine a bheidh ann a scéal a scaoileadh.

mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo, éacht i ndiaidh éachta agus eachtra. Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal, tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”

óir feicfidh sé saothar mo lámh ina láthair agus déanfaidh sé m'ainmse a naomhú. Beidh Neach Naofa Iacóib á naomhú, beidh eagla roimh Dhia Iosrael.

mar a lasann tine ina bladhaire trí bhrosna, mar a chuireann tine uisce ag fiuchadh; ansin bheadh aithne ag do naimhde ar d'ainm agus ciníocha ar crith roimh do theacht.

a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.

Rinne d'aos grá uile dearmad díot, ní iarrann siad níos mó thú. Sea, bhuail mé le buille namhad thú, buille neamhthrócaireach (mar gheall ar mhéid do chiontachta agus ar iomadúlacht do pheacaí).

Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d'aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: “An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”

mar ní óna chroí a dhéanann sé an Ádhamhchlann a chiapadh agus a chrá.

Sa dara bliain déag dár mbraighdeanas, ar an gcúigiú lá den deichiú mí, tháinig fear ar a theitheadh ó Iarúsailéim agus dúirt: “Tá an chathair gafa.”

Féachaigí ar na náisiúin agus breathnaígí orthu, agus bíodh ionadh agus alltacht oraibh. Óir tá obair á déanamh le bhur linn nach gcreidfeadh sibh é dá n‑inseofaí daoibh é.

Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá.

D'fhear an Tiarna clocha móra sneachta ón spéir anuas sa mhullach orthu agus iad ag teitheadh le fána ó Bhéit Horon ar feadh na slí go hAzaecá, agus mharaigh sin iad; is mó a fuair bás de bharr na gclocha sneachta ná de rinn claímh chlann Iosrael.

Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael: “A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón, Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí