“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?
Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.
Dá bhrí sin, scoirigí den ábhacht, ar eagla go dteannfaí bhur gcuibhreacha oraibh; óir chuala mé anois scrios na tíre go hiomlán á fhógairt thar ceann an Tiarna Dia na Slua.
A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúra agus faoi anfhorlann ag mná. A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachrán agus iad ag milleadh an bhealaigh romhat.
Ní raibh uair dá mbíodh a trí nó a cheathair de cholúin léite ag Iahúidí nach ngearradh an rí iad le scian scríobhaí agus go gcaitheadh isteach sa tine ar an teallach iad nó gur dódh an scrolla ar fad sa tine ar an teallach.
‘Breathnaígí, a lucht na tarcaisne, Glacaigí alltacht agus ceiliúraigí. Mar tá obair le déanamh agamsa le bhur linn, obair nach gcreidfeadh sibh dá n‑inseofaí daoibh é.’ ”