Íseáia 28:1An Bíobla Naofa 1981Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim, do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair, agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith; is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon! Féach an chaibidil |
Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.