óir tá an chathair dhaingean ina fásach, tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann. Is ann a thagann an tréad ag iníor, is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha.
Sa lá sin, beidh do bhailte tréigthe mar a bhí bailte mhuintir [Amór agus Hiv,] a fágadh nuair a bhí clann Iosrael ag teacht. Díthreabh a bheidh iontu,
Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch agus bailte poirt ina gconamar. Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach, ní dhéanfar a atógáil arís go deo.
Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth; tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch, déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.
Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh: “Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom? Bhí mé gan chlann agus mé aimrid, ach iad seo, cé a thóg suas iad?” Bhí mé fágtha liom féin, an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?
Na sléibhte a romhraíodh le rámhainn, ní rachaidh aon duine iontu níos mo, le heagla roimh na driseacha agus na sceacha; fearann eallaigh a bheidh ann, agus réimse do chaoirigh.”
“Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,” a dúirt siad, “agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Déanfar fearann treafa de Shíón, agus carnán bruscair de Iarúsailéim, beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.’
Tá bóithre Shíón ag caoi mar ní thaithítear a hionad teagmhála; tá a geataí uile bánaithe agus déanann a sagairt osnaíl; bíonn a maighdeana go léir á gcrá. Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!
dá bhrí sin, a shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta, le fásaigh loma agus cathracha bánaithe atá ina gcreach agus ina gceap magaidh ag na ciníocha máguaird: