Seasann mo theach daingean i láthair Dé, mar rinne sé conradh síoraí liom, agus d'fhág gach ní in eagar go teann. Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé gach ní is mian liom?
Agus dúirt Dia arís le Maois: “Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.’ Sin é m'ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m'ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin. ”
A Thiarna, is tú mo Dhia; móraim thú agus ceiliúraim d'ainm; mar chuir tú do bheartaíocht iontach i gcrích, comhairle ar cinneadh uirthi fadó riamh, chuir go fíréanta agus go fírinneach.
Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.
Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.
Tugaigí aird orm, a chiníocha; a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom. Óir is uaimse a thagann an reacht agus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.
Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d'ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air: