Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.
Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.
Beidh bealach mór agus bóthar ansin a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe; ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin, ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.
Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.”
Óir ní rachaidh sibh amach faoi dheifir, ní imeoidh sibh mar bheadh teifigh ionaibh. Ar cheann bhur slua beidh an Tiarna ag máirseáil, agus ag déanamh sciath thar lorg oraibh beidh Dia Iosrael.”
Is ea, de bharr na hurchóide tógtar an fíréan ar shiúl ach isteach sa tsíocháin a théann sé. Tá siad ag ligean a scíthe ar a leaba dheireanach, iad siúd a shiúil bealach na córa.
Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.
Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir; ní dhéanann sé an t‑éigeart riamh. Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas; le lonradh an lae ní loiceann sé riamh. Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.
Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.
Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.
Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.