Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.
Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.
Mar sin éistigí le comhairle an Tiarna, atá socair aige in éadan na Bablóine, an plean atá beartaithe aige in éadan tír na gCaildéach: Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad. Ar a fheiceáil sin dóibh, beidh a dtréad ar ballchrith.
“An lá sin ní náireofar thú as na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m'aghaidh. Mar tógfaidh mé as do lár ansin do chuid bladhmairí uaibhreacha; agus uaidh sin amach ní bheidh tú ag siúl timpeall go toirtéiseach níos mó ar mo shliabh naofa.
Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?
Nuair a bhíodarsan tugtha amach go Iósua acu, ghair Iósua ar fhir Iosrael go léir agus dúirt le taoisigh na bhfear cogaidh a throid ina theannta: “Druidigí isteach agus cuirigí bhur gcosa ar bhráide na ríthe seo.” Ansin dhruideadar isteach leo agus leag a gcosa ar a mbráide.
Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.